Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Tacaíonn an Scéim Sparánachtaí Féilte le comhoibriú idir scoileanna agus chun foghlaim ghairmiúil na múinteoirí a fheabhsú agus an mhúinteoireacht mar ghairm a chur chun cinn. Maoiníonn na sparánachtaí comhthionscadail scoile, rud a chuireann ar chumas múinteoirí cineálacha nua cur chuige i leith an teagaisc agus na foghlama a fhiosrú.  

Bronnadh sparánachtaí €2,000 agus €5,000 ar 27 scoil ar fud na tíre a chomhoibreoidh le 96 scoil eile ina dhiaidh sin, rud a fhágann go bhfuil 123 scoil san iomlán a fhaigheann tacaíocht faoin scéim. 

Agus é ag déanamh comhghairdeas leis na faighteoirí, dúirt Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta, Phil Fox:

“Leanann múinteoirí ar fud na hÉireann orthu ag léiriú cruthaitheachta, nuálaíochta agus tiomantais shuntasacha don fhoghlaim ghairmiúil trína n-iarratais chuig Scéim Sparánachtaí Féilte. Arís eile, tá béim leagtha ag an scéim ar ardchaighdeáin agus ar cháilíocht ár ngairme múinteoireachta.” 

“Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta bródúil as tacú leis an obair seo, agus tá áthas orainn a dhearbhú go bhfuil maoiniú na scéime méadaithe ó €100,000 anuraidh go €126,000 i mbliana. Taispeánann an infheistíocht bhreise seo tiomantas na Comhairle don mhúinteoireacht mar ghairm agus ár tacaíocht d’fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí. Léiríonn an scéim sparánachta tiomantas múinteoirí atá ag gabháil don fhoghlaim ghairmiúil i réimsí éagsúla lena n-áirítear oideachas speisialta, dearadh digiteach agus dearadh uilíoch don fhoghlaim” 

“Táim ag tnúth le súil a choinneáil ar dhul chun cinn na dtionscadal seo agus an tionchar dearfach a bheidh acu ar sheomraí ranga agus ar phobail scoile ar fud na tíre a fheiceáil.” 

Féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais faoin 27 tionscadal maoinithe