Tá an Scéim Sparánachtaí Féilte deartha chun tacú le comhoibriú idir scoileanna agus chun foghlaim ghairmiúil na múinteoirí a fheabhsú. Tá an scéim sparánachtaí ceaptha freisin chun an mhúinteoireacht mar ghairm a chur chun cinn.
Tugadh cuireadh do scoileanna iarratas a dhéanamh ar sparánacht de €2,000 agus €5,000.
Áiríodh ar na gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla a bhí clúdaithe faoin scéim: pobail Ghairmiúla Chomhoibríocha a thógáil, ceardlanna/nithe a reáchtáil, cainteoirí a thabhairt isteach, imeachtaí/cláir forbartha gairmiúla comhpháirteacha a eagrú, agus staidéir cheachta a chur ar siúl.
Bhí sé i gceist go mbeadh na gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla bunaithe ar théamaí cleachtais chuimsithigh, teagasc na Gaeilge/trí Ghaeilge, ceannaireacht agus caidrimh ghairmiúla, folláine, nó aon pholasaí nó straitéis ainmnithe ón gComhairle Mhúinteoireachta nó ón Roinn Oideachais.
Tá sparánachtaí ar luach €126,000 bronnta ar mhúinteoirí cláraithe i 27 scoil ceannais.
Seo a leanas na scoileanna a fuair sparánachtaí ón Scéim Sparánachtaí Féilte 2025.
Ceatharlach
Scoil Naomh Laserian
Bronnadh €5,000 ar Scoil Naomh Lasairian, Ceatharlach, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le hOllscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, Port Láirge, Scoil Aireagail agus Coláiste an Dubhuisce chun pobal foghlama gairmiúil réigiúnach a bhunú a dhíríonn ar chleachtas cuimsitheach, folláine, cruthaitheacht agus inbhuanaitheacht i measc múinteoirí Eacnamaíochta Baile. Beidh múinteoirí páirteach i gceardlanna tráthnóna agus iad ag tabhairt faoi phróiseas feiltithe agus teicstílí cruthaitheacha, mearfhaisean agus an geilleagar ciorclach, cothú agus folláine, litearthacht airgeadais, teagasc cuimsitheach, agus scileanna cócaireachta nua a fhorbairt. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal freisin naisc thraschuraclaim a neartú le Gnó, Eacnamaíocht, Eolaíocht, Ealaín, agus Corpoideachas, ag críochnú le Padlet digiteach agus físeán machnamhach a thaispeánann foghlaim ghairmiúil i mbun gnímh.
An Clár
Gaelcholáiste an Chláir
Bronnadh €5,000 ar Ghaelcholáiste an Chláir, Inis, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le ceithre scoil* chun Pobal Cleachtais ghairmiúil, chomhoibríoch lán-Ghaeilge a thógáil. Eagrófar réimse gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla ar théama an tumoideachais. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal tacú le foghlaim ghairmiúil fhoireann na scoile atá páirteach i gcur i bhfeidhm oideachais lán-Ghaeilge atá cuimsitheach, nuálach agus ardchaighdeáin. Forbróidh sé naisc thraschuraclaim idir Coláiste Mhuire gan Smál, Oifigeach Pleanála Teanga Líonra na hlnse, agus Ionad Oideachais agus Tacaíochta an Chláir.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg
- Gaelscoil Donncha Rua Sionna
- Gaelscoil Uí Choimín Cill Rois
- SN Iosef Naofa Maigh
Scoil Náisiúnta an Tobair
Bronnadh €5,000 ar Scoil Náisiúnta an Tobair, Co. an Chláir, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le hOllscoil na Gaillimhe agus le ceithre scoil* i “mBraisle Scoileanna Beaga an Ghoirt” chun clár ceardlanna foghlama gairmiúla múinteoirí, códú agus hintleachta saorga a chomhdhearadh agus a sheachadadh. Tacóidh an comhoibriú le múinteoirí chun códú agus smaointeoireacht ríomhaireachtúil a leabú i gCuraclam Matamaitice na Bunscoile 2023 agus i ndréachtchuraclam ETIM. Beidh múinteoirí páirteach i gceardlanna comhpháirteacha, i gcomhoibriú piaraí, agus i gcur i bhfeidhm sa seomra ranga, le tacaíocht ó fhoireann Ollscoil na Gaillimhe. Leagann an tionscadal béim ar chaidrimh ghairmiúla, ar cheannaireacht chomhroinnte, agus ar chleachtas machnamhach, rud a chuireann ar chumas múinteoirí ceachtanna a chomhdhearadh, saineolas a mhalartú, agus acmhainn dhigiteach a neartú laistigh dá scoileanna.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Scoil Naomh Colman Mac Duaigh, Co. na Gaillimhe
- Scoil Náisiúnta Naomh Cholumba, Co. na Gaillimhe
- Scoil Náisiúnta Chill Bheaganta, Co. na Gaillimhe
- Scoil Náisiúnta Lurga, Co. na Gaillimhe
Corcaigh
Scoil Náisiúnta ag Foghlaim Le Chéile Abhainn na Baoi
Bronnadh €2,000 ar Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Abhainn na Baoi, Carraig Uí Leighin, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Charraig Uí Leighin agus Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Baile an Róistigh chun teagasc agus foghlaim chuimsitheach a neartú trí Thionscadal Piarbhreathnóireachta don Chuimsiú. Beidh múinteoirí páirteach i gclár struchtúrtha piarbhreathnóireachta, machnaimh agus comhoibrithe. Trí chuairteanna scoile, machnamh comhroinnte agus comhoibriú, déanfaidh múinteoirí a dtuiscint ar oideolaíocht chuimsitheach a dhoimhniú. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal pobal foghlama gairmiúil inbhuanaithe a thógáil ar fud na dtrí scoil, acmhainn dhigiteach chomhroinnte “Cuimsiú i mBun Gnímh”, agus muinín fheabhsaithe múinteoirí i gcleachtas cuimsitheach.
Dún na nGall
Scoil Naisiúnta Bhaile Mhóir
Bronnadh €5,000 ar Scoil Náisiúnta an Bhaile Mhóir, Co. Dhún na nGall, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le trí scoil* chun úsáid a bhaint as spásanna amuigh faoin aer. Úsáidfear teicneolaíochtaí digiteacha chun spásanna foghlama éifeachtacha a chruthú agus a fheabhsú. Tabharfaidh múinteoirí rannpháirteacha faoi cheardlanna, comhoibriú piaraí, staidéar ceachta agus timthriallta seachadta chun iniúchadh a dhéanamh ar conas is féidir le huirlisí digiteacha teagasc agus foghlaim a shaibhriú i dtimpeallachtaí amuigh faoin aer. Tacaíonn an tionscadal seo le múinteoirí chun tailte na scoile a athshamhlú mar sheomraí ranga dinimiciúla, atá feabhsaithe ag an teicneolaíocht. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo muinín agus scileanna múinteoirí a fhorbairt maidir le foghlaim amuigh faoin aer agus dhigiteach a chomhtháthú chun rannpháirtíocht daltaí, cruthaitheacht agus feasacht chomhshaoil a chothú.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Scoil Náisiúnta na Tríonóide Naofa
- Scoil Náisiúnta Craoslach
- Scoil Náisiúnta Chúil na gCuirridín
Baile Átha Cliath
Coláiste Bhaile Átha Cliath An Charraig Dhubh
Bronnadh €5,000 ar Choláiste Bhaile Átha Cliath An Charraig Dhubh mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le ceithre scoil*, chun clár foghlama gairmiúil a dhearadh agus a phíolótú maidir le húsáid éifeachtach agus eiticiúil na hIntleachta Saorga Giniúna (GenAI) sa teagasc agus san fhoghlaim. Glacfaidh múinteoirí páirt i bpróiseas struchtúrtha FGL ina mbeidh anailís riachtanas, cúrsa ríomhfhoghlama Articulate Rise saincheaptha, agus Pobal Cleachtais ar líne arna óstáil ar Moodle. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal cumas digiteach agus muinín mhúinteoirí a thógáil, agus acmhainní FGL in-athúsáidte a chruthú atá ailínithe leis an Straitéis Dhigiteach.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Coláiste Bháile Átha Cliath Dún Droma
- Coláiste Bháile Átha Cliath Dún Laoghaire
- Coláiste Bháile Átha Cliath an Naigín
- Coláiste Bháile Átha Cliath Stigh Lorgan
Coláiste Chanel, An Chúlóg
Bronnadh €5,000 ar Choláiste Chanel, An Chúlóg, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le Scoil na hOllscoile Caitlicí agus Coláiste Mhuire chun cumhacht a thabhairt do mhúinteoirí agus do mhic léinn úsáidí eiticiúla agus nuálacha na hintleachta saorga (IS) san oideachas a iniúchadh. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo pobal foghlama gairmiúil a thógáil ina mbíonn múinteoirí páirteach i gceannaireacht chomhroinnte, ina gcomhdhearann siad eispéiris foghlama atá feabhsaithe ag IS, agus ina ndéanann siad machnamh ar chleachtais dhigiteacha chuimsitheacha agus eiticiúla. Trí cheardlanna idirghníomhacha, seisiúin PlayLab, agus seimineáir faoi stiúir saineolaithe, déanfaidh oideachasóirí iniúchadh ar uirlisí IS a chothaíonn cruthaitheacht, smaointeoireacht chriticiúil, agus úsáid fhreagrach teicneolaíochta sa seomra ranga. Trí cheannaireacht múinteoirí a chothú i gcleachtais eiticiúla na hintleachta saorga ar fud scoileanna, cuireann an tionscadal seo tosaíochtaí náisiúnta chun cinn agus cur chuige foghlama gairmiúil á shamhaltú atá comhoibríoch, dírithe ar an todhchaí agus cuimsitheach.
Coláiste Cois Life, Leamhcán
Bronnadh €5,000 ar Choláiste Cois Life, Leamhcán, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le sé scoil* chun oideachas fealsúnachta a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as oideolaíocht Philosophy4Children (P4C) i gcomhthéacs Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí bunscoile agus iar-bhunscoile. Trí dhá cheardlann a éascú, ina nglacann múinteoirí páirt ghníomhach i modheolaíochtaí P4C, tá sé mar aidhm aige líonra d’oideachasóirí a chur le chéile, atá oilte i P4C trí Ghaeilge, agus leanúint de luach na fealsúnachta a chur chun cinn don oideachas trí mheán na Gaeilge.
*Liosta de choláistí comhoibritheacha breisoideachais:
- Gaelscoil Naomh Phádraig
- Coláiste Chilliain
- Gaelscoil Chluain Dolcáin
- Gaelscoil Eiscir Riada
- Gaelscoil na Camóige
- Gaelscoil Inse Chór
Meánscoil ag Foghlaim le Chéile Bhaile na nGabhar
Bronnadh €5,000 ar Mheánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Bhaile na nGabhar, Baile Átha Cliath, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le Deutsche Schule Naomh Cillian, agus Pobalscoil Bhaile an tSaoir, chun pobal foghlama gairmiúil a bhunú ar mhaithe le folláine. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal caidrimh dhearfacha scoile a neartú agus cineáltas a chur chun cinn trí oiliúint i gCleachtas Athchóiritheach (CA) a chur ar fáil do mhúinteoirí i scoileanna rannpháirteacha. Faoi stiúir foirne de thriúr cleachtóirí CA oilte, díreoidh an fhoghlaim ghairmiúil ar chumas na foirne a fhorbairt chun teanga agus cur chuige athchóiritheach a úsáid in idirghníomhaíochtaí laethúla. Trí líon na múinteoirí atá oilte in CA a leathnú, tacaíonn an tionscadal leis an tionscnamh frithbhulaíochta Bí Cineálta, ag cabhrú le comhbhá, meas agus cuntasacht, agus a fhágann go bhfuil cultúr scoile níos ceangailte, níos cuimsithí agus níos coiscthí ar fud phobail na scoile.
Meánscoil ag Foghlaim le Chéile na Carraige Duibhe
Bronnadh €5,000 ar Meánscoil ag Foghlaim le Chéile na Carraige Duibhe mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le deich scoil*, chun breathnú ar chleachtais ranga a chéile i scoileanna éagsúla, agus cultúr machnamhach, tacúil a chruthú inar féidir le múinteoirí léargais a mhalartú, a dtuiscint ar theagasc éifeachtach a dhoimhniú, agus a dteagasc agus a bhfoghlaim a fheabhsú. Trí dhul i mbun piarbhreathnóireachta, gheobhaidh múinteoirí léargas ar chur chuige éagsúla, tógfaidh siad caidrimh ghairmiúla, agus cuirfidh siad le cultúr feabhsúcháin leanúnaigh. Leagann an tionscadal béim ar fhoghlaim chomhroinnte, ar mheas frithpháirteach, agus ar luach na múinteoireachta a fheiceáil trí mheoin múinteoirí eile.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Meanscoil Ag Foghlaim Le Chéile Guaire
- Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Chrois Araild
- Coláiste Pobail Bhóthar an Chlochair
- Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Bhaile na nGabhar
- Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Theach na Giúise
- Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile na Céime
- Coláiste Pobail na Ciseoige
- Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Chill Mhantáin
- Coláiste Pobail na gCabraí
- Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Pháirc Hans
Meánscoil ag Foghlaim le Chéile na Céime
Bronnadh €5,000 ar Mheánscoil Ag Foghlaim le Chéile na Céime, Baile Átha Cliath, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ceithre scoil* chun líonra náisiúnta d’oideachasóirí OSPS atá tiomanta do chur chuige cuimsitheach, atá freagrach ó thaobh cultúir de, agus atá comhoibríoch i leith mhúineadh OSPS a bhunú agus a neartú. Ós rud é nach bhfuil aon chomhlachas ábhair náisiúnta ná líonra foirmiúil ann do mhúinteoirí OSPS in Éirinn faoi láthair, tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo an bhearna sin a réiteach trí mhúinteoirí OSPS a nascadh thar chomhthéacsanna éagsúla scoile chun riachtanais chomhroinnte foghlama gairmiúla a aithint, cleachtas cuimsitheach a fheabhsú, agus imeacht foghlama gairmiúla faoi stiúir múinteoirí a chomhdhearadh. Rachaidh múinteoirí sa tionscadal seo i dteagmháil le 40 scoil eile go náisiúnta, agus iad ag iarraidh líonra foghlama gairmiúla a bhunú trí imeacht a dhíríonn ar chuimsiú agus ar OSPS atá freagrach ó thaobh cultúir de. Tacóidh comhpháirtithe trasearnála leis an tionscadal freisin, lena n-áirítear eagraíochtaí abhcóideachta agus oideachais atá dírithe ar fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí (ShoutOut agus Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath).
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Pobalscoil Bhaile Chill Dara
- Coláiste Naomh Mainchín, Luimneach
- Coláiste Bhaile Chláir, Gaillimh
- Ógtheagmháil Shráid Pleasants, Átha Cliath
Scoil Náisiúnta Speisialta Teach Naomh Mícheál
Bronnadh €5,000 ar Scoil Náisiúnta Speisialta Teach Naomh Mícheál mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le Scoil Speisialta Kolbe agus Scoil Speisialta Little Angels chun cleachtais chumarsáide éifeachtacha a aithint agus a chomhtháthú a thacaíonn leis an gcaoi a ndéanann daoine fásta agus leanaí i scoileanna speisialta cumarsáid agus idirghníomhú. Beidh mionscagadh ar chleachtas agus gníomhaíochtaí nithiúla i gceist leis seo a éascaíonn agus a chumhachtaíonn guthanna na ndaltaí. Beidh triail acmhainní agus gníomhaíochtaí i gceist freisin chun iad a bheachtú agus a roinnt le scoileanna speisialta eile i bPoblacht na hÉireann. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal freisin iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí guth níos mó ag daltaí agus ag daoine fásta i scoileanna speisialta.
Scoil Shóisearach Mhuire, Baile an Bhlácaigh
Bronnadh €5,000 ar Scoil Mhuire Sóisearach, Baile an Bhlácaigh, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus ceithre scoil* chun pobal foghlama gairmiúil a bhunú. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo modheolaíocht teagaisc uilechuimsitheach na “Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc” (SSA) a chur in aithne do mhúinteoirí, cleachtas uilechuimsitheach atá deartha chun dul chun leasa daltaí de gach cumas, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu agus foghlaimeoirí Béarla mar theanga bhreise. Forbraíonn SSA teanga trí shaothair ealaíne atá roghnaithe go cúramach agus ceisteanna oscailte treoraithe a úsáid chun comhráite dírithe ar an mac léinn a éascú a chothaíonn scileanna smaointeoireachta criticiúla agus cumarsáide. Déanfaidh an tionscadal iarracht folláine shóisialta agus mhothúchánach a fheabhsú agus comhbhá agus meas ar dhaoine eile a fhorbairt ag an am céanna, ag feabhsú cumas múinteoirí an modheolaíocht teagaisc seo a úsáid ar fud na n-ábhar curaclaim go léir.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Scoil Náisiúnta Shóisearach Naomh Pilib Aspal
- Pobalscoil Baile an Bhlácaigh
- Coláiste Pobail Ráth Dara
- Scoil Shinsearach Mhuire
SN Tionscadal Scoile Dheilginis
Bronnadh €5,000 ar SN Tionscadal Scoile Dheilginis mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le hIonad Tacaíochta Oideachais na Carraige Duibhe agus trí scoil*, chun pobal foghlama gairmiúil a thógáil atá dírithe ar Fhoghlaim Bunaithe ar an Dúlra (FBD). Trí Phobal Cleachtais, roinnfidh múinteoirí saineolas, acmhainní agus cleachtas machnamhach chun foghlaim eispéireasach lasmuigh a leabú ar fud an churaclaim. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal cumas múinteoirí a thógáil agus folláine, cruthaitheacht agus maoirseacht comhshaoil a chur chun cinn.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Bhaile na Manach
- Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Dhún Laoghaire
- Scoil Náisiúnta Naomh Crónán
Ciarraí
Coláiste na Ríochta, Lios Tuathail
Bronnadh €5,000 ar Choláiste na Ríochta, Lios Tuathail, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le trí scoil*, chun díriú ar chleachtais chuimsitheacha a leabú do gach foghlaimeoir, tríd an gcreat Dearaidh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF). Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo Pobal Cleachtais a bhunú chun tacú le cur i bhfeidhm ar fud na scoile, ag tarraingt ar Chreat Cosán náisiúnta. Beidh múinteoirí páirteach i bpleanáil chomhroinnte, i bhforbairt ghairmiúil, i meantóireacht piaraí, agus i gcomhoibriú machnamhach chun muinín a thógáil agus roghanna bríocha, inrochtaineacht agus rannpháirtíocht a sholáthar i seomraí ranga. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal cultúr inbhuanaithe cuimsithe a chruthú le tacaíocht ó acmhainní DUF inoiriúnaithe agus le hidirphlé leanúnach ar fud na scoileanna.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Coláiste Pobail Oileán Ciarraí
- Iar-bhunscoil Choláiste Ghleann Lí
- Scoil Chuimsitheach an Tóchair
Cill Dara
Scoil Mhuire, an Bhaile Mhóir
Bronnadh €5,000 ar Scoil Mhuire, an Bhaile Mhóir, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Naomh Bríd, Cill Bhríde agus Scoil Náisiúnta Nicoláis Naofa, Dún Luáin, chun a gcumas gairmiúil a thógáil maidir le féinmheas, athléimneacht agus rialáil mhothúchánach leanaí a thacú trí oibriú le teiripeoir súgartha agus teiripeoir ceirde. Déanfar foghlaim ghairmiúil trí cheardlanna comhpháirteacha, seisiúin mhachnaimh agus cleachtas comhroinnte. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal comhoibriú múinteoirí a chur chun cinn, straitéisí seomra ranga a fheabhsú agus cur chuige comhsheasmhacha i leith folláine a chinntiú ar fud na dtrí scoil.
Scoil na Naomh Uilig, Droichead Nua
Bronnadh €2,000 ar Scoil na Naomh Uilig, Droichead Nua, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile, Droichead Nua agus Coláiste Mhuire gan Smál chun tacú le múinteoirí a dtuiscint ghairmiúil ar oideolaíocht spraíúil a dhoimhniú trí fhiosrúchán comhoibríoch atá ailínithe leis an gCreat Curaclaim Bunscoile (2023). Déanfaidh múinteoirí ón dá scoil comhdhearadh, cur i bhfeidhm agus machnamh ar eispéiris foghlama spraíúla agus iad ag fiosrú cén tuiscint atá ag leanaí ar shúgradh sa seomra ranga. Le tacaíocht ó Choláiste Mhuire gan Smál, tá sé mar aidhm ag an tionscadal meonta leanaí a chur i gcomparáid le taighde atá ann cheana féin, rud a fhágfaidh go mbeidh léargais inghníomhaithe ann don chleachtas. Cuirfidh sé tuilleadh le muinín múinteoirí, ailíniú níos láidre idir oideolaíocht agus guth na ndaltaí chomh maith le hacmhainní digiteacha cruthaitheacha a tháirgeadh le haghaidh comhroinnt ghairmiúil náisiúnta.
Laois
SN Measctha Bhaile na Cille
Bronnadh €5,000 ar Scoil Náisiúnta Mheasctha Bhaile na Cille, Co. Laoise, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le ceithre scoil* chun dul i mbun forbairt ceannaireachta spriocdhírithe, trí rannpháirtíocht le LIFT (I mbun Ceannaireachta ar Thodhchaí na hÉireann i dTeannta a Chéile). I gceardlanna éascaithe, i seisiúin phiarfhoghlama agus i gcomhdháil chomhchéime, déanfaidh múinteoirí machnamh ar luachanna ceannaireachta, ag bualadh le ceannairí laistigh agus lasmuigh den oideachas chun cur chuige i leith dúshláin cheannaireachta a iniúchadh agus cumas ceannaireachta comhroinnte a thógáil. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo cultúir cheannaireachta a neartú a fheabhsaíonn teagasc agus foghlaim, agus a chuireann ar chumas líonra ceannaireachta inbhuanaithe a chruthú ar fud an phobail thuaithe seo.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Pobalscoil Heywood
- Scoil Náisiúnta na Croise Naofa
- Scoil an Chroí Ró Naofa
- Scoil Náisiúnta Chluain Eidhneach
Luimneach
Coláiste Iósaef, Cill Mocheallóg
Bronnadh €5,000 ar Choláiste Iósaef, Cill Mocheallóg, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le Scoil Mocheallóg agus Coláiste Íde agus Iósef, chun díriú ar chur i bhfeidhm Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF) laistigh dá scoileanna. Is é is aidhm don tionscadal seo tuiscint agus eolas múinteoirí a fhorbairt maidir le DUF, chomh maith leis an muinín is gá a thabhairt do chomhghleacaithe teagaisc chun raon cleachtas cuimsitheach a chur i bhfeidhm a bhfreastalaíonn creat DUF air laistigh de sheomraí ranga éagsúla.
An Mhí
Coláiste Breisoideachais Dhún Búinne
Bronnadh €5,000 ar Choláiste Breisoideachais Dhún Búinne mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus trí scoil*, chun iniúchadh a dhéanamh ar mhúineadh na meán agus na litearthachta digiteacha ar fud na n-earnálacha bunoideachais, iar-bhunoideachais agus breisoideachais. Trí lá foghlama comhroinnte le sainchainteoirí agus ceardlanna comhoibríocha, scrúdóidh na rannpháirtithe bréagaisnéis, mífhaisnéis, Intleacht Shaorga, agus freagracht dhigiteach, ag cur béime ar ról an mhúinteora maidir le mic léinn a threorú. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal múinteoirí a chumhachtú, a gcuid eolais a fheabhsú, agus dá bhrí sin, foghlaim na mac léinn a fheabhsú. Ina theannta sin, tá sé mar aidhm ag an tionscadal pobail chleachtais leanúnacha agus naisc ghairmiúla fadtéarmacha a chothú trasna earnálacha oideachais, ag tacú le forbairt leanúnach.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Scoil Náisiúnta Shinsearach Dhún Búinne
- Coláiste Ó Fhiaich
- Institiúd Breisoideachais agus Oiliúna Uí Fhiaich
Tiobraid Árann
An Lár-Institiúid Theicniúil, Cluain Meala
Bronnadh €5,000 ar an Lár-Institiúid Theicniúil, Cluain Meala, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le trí scoil*, agus Coláiste Mhuire gan Smál, chun cóitseáil oideachasúil a leabú i gcultúr foghlama gairmiúla na scoileanna rannpháirteacha. Trí cheardlanna, seisiúin ar líne, agus timthriallta cóitseála, déanfaidh múinteoirí iniúchadh ar mhúnlaí Cóitseála Fáis, Teagaisc, agus Claochlaithe. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh acmhainn a thógáil do chleachtas machnamhach, do thacaíocht piaraí, agus d’fhorbairt ceannaireachta, a mbeidh acmhainn dhigiteach a thaispeánann straitéisí cóitseála agus a thacaíonn le macasamhlú ar fud scoileanna i dTiobraid Árann mar chríoch leis.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Scoil Ailbhe Naofa
- Coláiste Comh-Oid Mhuire, Durlas
- Coláiste an Chomaraigh
Coláiste Comh-Oid Mhuire, Durlas
Bronnadh €5,000 ar Chomhoideachas Coláiste Mhuire, Durlas, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le Scoil Ruáin Chill Náile agus Scoil Náisiúnta Leamhach. Díríonn an tionscadal seo ar thimpeallacht foghlama chomhoibríoch, faoi stiúir na mac léinn, a fhorbairt a chothaíonn cruthaitheacht, smaointeoireacht chriticiúil agus réiteach fadhbanna agus a thógann naisc láidre idir bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Tá sé mar aidhm ag na scoileanna ‘Cruinniú Mullaigh um Cheannaireachta Mac Léinn’ a chomhóstáil chun dea-chleachtais agus acmhainní forbartha a roinnt.
Port Láirge
Scoil Naomh Stiofáin de la Salle
Bronnadh €5,000 ar Scoil Naomh Stiofáin de la Salle, Cathair Phort Láirge, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Phort Lách, Scoil Náisiúnta Chnoc Shióin, Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt agus Ionad Tacaíochta Oideachais Phort Láirge chun cur le rath Phobal Cleachtais atá dírithe ar Dhearadh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF): Níos mó ná Focail, áit a raibh deis ag múinteoirí ó thrí scoil DEIS i gCo. Phort Láirge teacht le chéile, le tacaíocht ó OTO agus Ionad Tacaíochta Oideachais Phort Láirge. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo foghlaim ghairmiúil atá ann cheana a dhoimhniú agus a leathnú trí chumhacht a thabhairt do mhúinteoirí chun a bheith ina nAmbasadóirí agus ina gceannairí DUF ina scoileanna féin agus sa phobal i gcoitinne.
An Iarmhí
Coláiste Cholumba
Bronnadh €5,000 ar Choláiste Cholumba, an Iarmhí, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le sé scoil*, chun tuiscint mhúinteoirí ar phleanáil DEIS a fheabhsú, cuidiú le cur i bhfeidhm, agus pleanáil gníomhaíochta le haghaidh feabhsúcháin a leathnú. Trí Phobal Cleachtais a chruthú, ligfidh na himeachtaí atá beartaithe do cheannairí scoile, do Chomhordaitheoirí DEIS, agus do mhúinteoirí ranga dea-chleachtas agus samplaí praiticiúla de phleanáil DEIS a roinnt, ag athnuachan fócas ar phleanáil do DEIS sa teagasc agus san fhoghlaim ar fud na scoileanna atá páirteach.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Coláiste Theampall Mhichíl
- Ardscoil Phádraig
- Coláiste Pobail Bhaile na gCros
- Coláiste Pobail An Mhuilinn gCearr
- Coláiste Pobail Bhéal Átha Liag
- Coláiste Gairmoideachais Bhaile Uí Mhatháin
Coláiste Pobail an Mhuilinn gGearr
Bronnadh €5,000 ar Choláiste Pobail an Mhuilinn gCearr mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ocht scoil* chun cleachtais chuimsitheacha atá bunaithe ar thráma a fhorbairt i gcomhar le chéile. Trí FGL chomhoibríoch, guth na mac léinn, agus comhchruthú acmhainní, tá sé mar aidhm ag an tionscadal cumas múinteoirí a thógáil agus folláine na mac léinn a fheabhsú. Deartha ag baint úsáide as prionsabail DUF, cruthóidh na scoileanna foireann uirlisí inrochtana agus inoiriúnaithe, arna scagadh trí aiseolas ó mhúinteoirí agus ó scoláirí. Le hailíniú láidir le beartais náisiúnta agus plean soiléir inbhuanaitheachta, cuireann an tionscadal seo tionchar fiúntach, inscálaithe ar fáil ar fud comhthéacsanna oideachais éagsúla.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Coláiste Theampall Mhichíl
- Coláiste Pobail Bhéal Átha Liag
- Ardscoil Phádraig An Garrán Ard
- Colaiste Gairmoideachais Baile Uí Mhatháin
- Coláiste Pobail Bhaile na gCros
- Coláiste Cholumba Cill Liúcainne
- Coláiste Pobail Bhaile Átha Luain
- Scoil Náisiúnta Chorr na Madadh
Cill Mhantáin
Scoil Náisiúnta Dheilgne
Bronnadh €2,000 ar Scoil Náisiúnta Dheilgne, Co. Chill Mhantáin, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Naomh Caoimhín, na Clocha Liatha, chun pobal foghlama gairmiúil a bhunú atá dírithe ar Dhearadh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF) a chur i bhfeidhm maidir le múineadh agus foghlaim litrithe. Comhoibreoidh múinteoirí chun iniúchadh a dhéanamh ar chur chuige cuimsitheacha a thacaíonn le gach dalta scileanna litrithe a fhorbairt. Trí phleanáil chomhroinnte, machnamh agus fiosrúchán bunaithe sa seomra ranga, bainfidh rannpháirtithe triail as straitéisí DUF agus déanfaidh siad iad a oiriúnú ina dteagasc litearthachta. Trí idirghabháil saineolaithe i DUF agus i litearthacht a sholáthraíonn foghlaim ghairmiúil atá bunaithe ar thaighde, is é príomhaidhm an tionscadail ná cabhrú le teoiric a nascadh le cleachtas an tseomra ranga agus muinín na múinteoirí a neartú maidir le teagasc litrithe inrochtana agus tarraingteach a dhearadh do gach foghlaimeoir.
Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Thuaisceart Chill Mhantáin
Bronnadh €5,000 ar Mheánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Thuaisceart Chill Mhantáin mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le seacht scoil* chun tacú le múinteoirí prionsabail an Dearaidh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF) a chur i bhfeidhm chun teagasc cuimsitheach, solúbtha agus dírithe ar an mac léinn a chothú. Is tionscnamh foghlama gairmiúla comhoibritheach é a bhaineann le scoileanna ar fud na n-earnálacha bunscoile, iar-bhunscoile agus oideachais speisialta in oirdheisceart na hÉireann. Trí oiliúint struchtúrtha, Pobail Chleachtais, agus acmhainní comhroinnte, beidh múinteoirí i gceannas ar nuálaíochtaí scoilbhunaithe atá oiriúnaithe dá gcomhthéacsanna. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal cumas ceannaireachta a thógáil, comhoibriú gairmiúil a fheabhsú, agus oideachas cuimsitheach a chur chun cinn atá ailínithe le tosaíochtaí náisiúnta
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Scoil Naisiúnta Foghlaim le Chéile Ros Mhic Thriúin
- Scoil Speisialta Mhuire Mháthair Fatima
- Coláiste Bhaile an Droichid
- Colaiste Ghleann Airt
- Bunscoil Ris
- Meanscoil Mhuire, Ros Mhic Thriúin
- Acadamh Mhuire SBC