Aistrigh:
Gaeilge
English

Dhá chéim i ndáil le grinnfhiosrúchán

Tá próiseas iarratais dhá chéim i gceist le grinnfhiosrúchán. Déantar an dá chéim ar líne. 

  • Comhlánaítear Céim 1 trí do chuntas Mo Chlárú 
  • Cuirtear Céim 2 i gcrích trí thairseach ríomhghrinnfhiosrúcháin an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin 
  1. Comhlánaigh céim 1 den iarratas grinnfhiosrúcháin ar líne trí do chuntas Mo Chlárú.
  2. Uaslódáil cruthúnas de cháipéisí aitheantais.
  3. Má bhí tú i do chónaí lasmuigh d’Éirinn nó de Thuaisceart Éireann ar feadh tréimhse charnach de 12 mhí nó níos mó tar éis 18 mbliana d’aois, beidh ort fótachóip a chur ar fáil de d’imréiteach póilíneachta do gach tír ina raibh tú i do chónaí.

Iarratas grinnfhiosrúcháin céim 1 a rianú leis an gComhairle Mhúinteoireachta?

Seiceáil stádas d’iarratas grinnfhiosrúcháin céim 1 trí do chuntas Mo Chlárú.

  • Logáil isteach ar do chuntas Mo Chlárú.
  • Nuair a bheidh tú logáilte isteach go rathúil ar do chuntas Mo Chlárú, cliceáil isteach sa tíl/íocón GRINNFHIOSRÚ ar an scáileán.
  • Déan tagairt don mír ‘Iarratas Grinnfhiosrúcháin Reatha’.

Anseo is féidir leat stádas chéim 1 de d’iarratas ghrinnfhiosrúcháin a sheiceáil.

Seiceálann an Chomhairle Mhúinteoireachta d’iarratas agus cruthúnas de cháipéisí aitheantais agus cuireann siad d’iarratas isteach go dtí an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.

  1. Gheobhaidh tú ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin le nasc díreach chuig an bhFoirm Iarratais ar Ghrinnfhiosrúchán ar líne.
  2. Ní mór duit an fhoirm a líonadh amach agus do sheoltaí go léir a chur san áireamh ó bhreith go dtí an lá atá inniu ann, lena n-áirítear gach seoladh thar lear ina raibh tú i do chónaí.

Léigh an t-eolas tábhachtach thíos, le do thoil.

Eolas Tábhachtach 

Léigh treoir d’úsáideoirí an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin sula gcomhlánaíonn tú an fhoirm ríomhghrinnfhiosrúcháin.

Ceisteanna éigeantacha an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin

Tá dhá cheist éigeantacha ar fhoirm thairseach ríomh-ghrinnfhiosrúcháin an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin nach mór a fhreagairt i gceart, nó diúltófar d’iarratas. Is iad seo a leanas na ceisteanna:

Má d’fhreagair tú ‘Bhí’ ar an gceist sin, ní mór duit an seoladh/na seoltaí ina raibh cónaí ort i mballstát den Aontas Eorpach nó i Sasana, in Albain, sa Bhreatain Bheag nó i dTuaisceart Éireann a liostú.

Má d’fhreagair tú ‘Ní raibh’ ar an gceist sin, níor cheart duit aon seoladh a liostú ina raibh cónaí ort i mballstát den Aontas Eorpach nó i Sasana, in Albain, sa Bhreatain Bheag nó i dTuaisceart Éireann.

Diúltóidh an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin do d’iarratas má fhreagraíonn tú na ceisteanna seo go mícheart.

Ní mór duit an freagra ‘baineann’ a thabhairt ar an gceist sin.

Ós rud é go bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar chlárú, ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (BNG) ar nochtadh grinnfhiosrúcháin. Má chuireann tú tic le ‘Ní bhaineann’ leis an gceist sin, diúltóidh an BNG do d’iarratas, agus ní féidir leat leanúint ar aghaidh le d’iarratas ar chlárú nó ar chlárú a athnuachan (ath-ghrinnfhiosrúchán).

  • Má bhí tú i do chónaí i dTuaisceart Éireann, beidh ort postchóid iomlána (sé charachtar) a chur isteach do gach seoladh de chuid Thuaisceart Éireann ina raibh tú i do chónaí.

Stádas Céim 2 grinnfhiosrúcháin a sheiceáil leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin

Múinteoirí a rinne iarratas grinnfhiosrúcháin le deireanaí

Chun do stádas Grinnfhiosrúcháin a sheiceáil, logáil isteach ar shuíomh gréasáin an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.

Beidh an uimhir iarratais grinnfhiosrúcháin nó an comhartha aitheantais iarratais a sheolamar trí ríomhphost chugat nuair a rinneamar seic ar d’iarratas ag teastáil uait.

 

Grinnfhiosrúchán críochnaithe

Nuair a bheidh an grinnfhiosrúchán críochnaithe, gheobhaidh tú dhá ríomhphost.

  • Beidh an chéad ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin ina gcuirfear in iúl duit gur eisíodh do nochtadh grinnfhiosrúcháin chuig an gComhairle Mhúinteoireachta.
  • Beidh an dara ríomhphost ón gComhairle Mhúinteoireachta ina mbeidh nasc chuig do nochtadh grinnfhiosrúcháin.

Conas rochtain a fháil ar do nochtadh grinnfhiosrúcháin

Caithfidh tú na céimeanna seo a leanas a dhéanamh chun do nochtadh grinnfhiosrúcháin (toradh) a rochtain:

  1. Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú
  2. Cliceáil ar an gcloch ghrinnfhiosrúcháin
  3. Faoi rannóg Rochtain ar do Nochtadh Grinnfhiosrúcháin, cliceáil ar an gcnaipe, Mo Nochtadh

Tógfaidh sé seo thú go dtí do réimse Nochtadh Grinnfhiosrúcháin áit ar féidir leat do dhoiciméad nochtadh grinnfhiosrúcháin a fheiceáil agus a roinnt.

Conas nochtadh grinnfhiosrúcháin a roinnt le fostóir

Caithfidh tú na céimeanna seo a leanas a dhéanamh chun do nochtadh grinnfhiosrúcháin (toradh) a roinnt:

  1. Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú
  2. Cliceáil ar an gcloch ghrinnfhiosrúcháin
  3. Faoi rannóg Rochtain ar do Nochtadh Grinnfhiosrúcháin, cliceáil ar an gcnaipe, Mo Nochtadh

Tógfaidh sé seo tú go dtí do réimse Nochtadh Grinnfhiosrúcháin.

  1. Cliceáil ar an gcnaipe, Roinn Nochtadh

Tógfar tú go dtí foirm ar líne áit ar féidir leat seoladh ríomhphoist an duine nó na heagraíochta a theastaíonn uathu do nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil a chur isteach.

Conas do stádas grinnfhiosrúcháin a sheiceáil

Féadfaidh Múinteoirí cláraithe atá ag iarraidh a gcuid sonraí grinnfhiosrúcháin a sheiceáil trí logáil isteach sa tairseach Mo Chlárú.

Féach “Sonraí Grinnfhiosrúcháin” ar Mo Chlárú don fhaisnéis is déanaí.