Cad atá i gceist le clárú le coinníoll?
Deonófar clárú le coinníoll(acha) duit mura bhfuil ceanglais chlárúcháin uile na Comhairle comhlíonta ag d’iarratas.
Mínítear sa mhír seo:
- Cad iad na coinníollacha
- Cad is gá duitse a dhéanamh chun iad a chomhlíonadh
- An fráma ama faoina gcaithfear iad a chomhlíonadh.
Déantar na coinníollacha a thaifeadadh ar an gClár agus ar do litir um Chlárú Coinníollach.
Mura gcomhlíonann tú na coinníollacha go léir laistigh den tréimhse agus mura ndeonaítear síneadh ama duit, rachaidh do chlárú i léig.
Coinníollacha cleachtais ghairmiúil iarcháilíochta
Droichead
Is é Droichead an próiseas ionduchtaithe le haghaidh múinteoirí nuacháilithe (MNCanna) agus múinteoirí nach bhfuil an tréimhse riachtanach cleachtais gairmiúil críochnaithe acu roimhe seo.
Cáilíocht d’Oideachas Múinteoirí (COM)
Má tá tú cláraithe go coinníollach faoi Bhealach 3 – Breisoideachas, ní mór duit cáilíocht d’oideachas múinteoirí (COM) atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta a chuir i gcrích.
Iarratas ar shíneadh a chur le tréimhse chlárúcháin choinníollaigh
Mura bhfuil tú in ann na ceanglais maidir le coinníoll clárúcháin a chomhlánú laistigh den tréimhse, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle ar shíneadh.
Scrúdú Staire & Struchtúir (S&S)
Mar mhúinteoir iar-bhunscoile a bhfuil oideachas múinteora faighte agat lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, ní mór duit eolas a fháil ar stair agus struchtúr chóras oideachais na hÉireann sular féidir leat clárú go hiomlán.
Riachtanas na Gaeilge (RG)
Mar mhúinteoir bunscoile a bhfuil clár oideachais múinteoirí déanta acu lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, baineann coinníoll Riachtanas na Gaeilge (RG) le do chlárú de ghnáth.
Easnaimh Cháilíochta (EC)
Má tá tú láncháilithe mar mhúinteoir lasmuigh de Phoblacht na hÉireann ach nach bhfuil na cáilíochtaí riachtanacha le haghaidh clárúcháin i bPoblacht na hÉireann agat, d’fhéadfá a bheith cláraithe ar an gcoinníoll go gceartóidh tú an t-easnamh laistigh de thréimhse shonraithe. De ghnáth ní bhíonn an tréimhse seo níos mó ná trí bliana ó dháta an chláraithe.
Ionduchtú Thar Lear
Más amhlaidh gur chríochnaigh tú próiseas ionduchtúcháin foirmiúil atá aitheanta ag an stát i dtír eile, ní mór duit iarratas a chur isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta ar mheasúnú a dhéanamh ar an bpróiseas sin chun incháilitheacht a chinneadh maidir le haitheantas a fháil i bPoblacht na hÉireann.