Aistrigh:
Gaeilge
English

Má chríochnaigh tú tréimhse ionduchtaithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann

Más amhlaidh gur chríochnaigh tú próiseas ionduchtúcháin foirmiúil atá aitheanta ag an stát i dtír eile, ní mór duit iarratas a chur isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta ar mheasúnú a dhéanamh ar an bpróiseas sin chun incháilitheacht a chinneadh maidir le haitheantas a fháil i bPoblacht na hÉireann.

Critéir Mheasúnaithe maidir le hIonduchtú Thar Lear

Má tá próiseas foirmiúil ionduchtaithe críochnaithe agat i dtír eile, ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle Mhúinteoireachta chun measúnú a dhéanamh ar an bpróiseas sin chun incháilitheacht le haghaidh aitheantais i bPoblacht na hÉireann.

Ní mór don phróiseas Ionduchtaithe na critéir seo a leanas a chomhlíonadh le go mbreithneofar é don mheasúnú:

  1. Ní mór é a chomhlánú tar éis a bheith cáilithe mar mhúinteoir
  2. Ní mór tréimhse ama bliana ar a laghad a bheith ann
  3. Ní mór é a bheith deimhnithe ag an údarás inniúil, m.sh., an Aireacht Oideachais/Comhairle Mhúinteoireachta sa tír inar cuireadh an próiseas ionduchtaithe i gcrích
  4. Ní mór struchtúr meantóireachta/tacaíochta a chur san áireamh sa phróiseas ionduchtaithe
  5. Ní mór an próiseas a fhoirmiú go hinmheánach ag leibhéal na scoile agus a bhailíochtú go seachtrach ag leibhéal stáit/tíre
  6. Ní mór do mhúinteoir Bunscoile curaclam a aithnítear go náisiúnta a mhúineadh don raon aoise idir 4 agus 12 bliana d’aois
  7. Ní mór do mhúinteoir iar-bhunscoile ábhar curaclaim a aithnítear go náisiúnta a mhúineadh don raon aoise idir 12 agus 18 mbliana d’aois

Ní mór an fhianaise seo a leanas a chur isteach le do litir iarratais:

  1. Forbhreathnú ar an bpróiseas foirmiúil Ionduchtúcháin arna fhoilsiú ag an údarás inniúil agus deimhnithe ag an scoil/údarás mar an bpróiseas críochnaithe
  2. Tuarascálacha/torthaí/tuairimí inmheánacha agus seachtracha a chur isteach
  3. Maidir le múinteoirí bunscoile – dátaí agus fad an phróisis ionduchtaithe, ag sonrú líon na laethanta scoile a críochnaíodh agus an suíomh ranga inar tharla sé – ní mór é seo a bheith deimhnithe ag an scoil/údarás inniúil
  4. Maidir le múinteoirí iar-bhunscoile – dátaí agus fad an phróisis ionduchtaithe, ag sonrú líon na n-uaireanta a mhúintear ábhar/ábhair churaclaim iar-bhunscoile in iar-bhunscoil agus an suíomh ranga inar tharla sé – ní mór é seo a dheimhniú ag an scoil/údarás inniúil

Má tá aon cheist eile agat maidir leis na critéir thuas, déan teagmháil leis an bhFoireann Coinníollacha trí ríomhphost a sheoladh chuig conditions@teachingcouncil.ie nó cuir do chomhfhreagras ar aghaidh chuig Foireann na gCoinníollacha, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0, Éire.

Tá caighdeáin áirithe ann nach mór d’ionduchtúchán a chomhlíonadh sula bhféadfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta tú a chur leis an gclár go hiomlán. Caithfidh sé a bheith ar an gcaighdeán céanna le próiseas ionduchtaithe na hÉireann, Droichead

Caithfidh an clár ionduchtúcháin a bheith:

  • Aitheanta ag an stát
  • Bunaithe ar dhoiciméadú beartais agus próisis ina sonraítear an clár ionduchtúcháin

Ní mór don doiciméadú:

  • A bheith foilsithe ag:
    • An Aireacht Oideachais nó
    • Údarás Inniúil aitheanta (comhionann leis an gComhairle Mhúinteoireachta)
  • Riachtanais an phróisis ionduchtaithe a leagan amach go soiléir do mhúinteoirí uile na tíre (Caithfidh an próiseas a bheith mar an gcéanna do gach múinteoir).

Ní mór an próiseas ionduchtaithe a bheith bailíochtaithe ag leibhéal an stáit. (Ní leor é má chríochnaíonn scoil a próiseas ionduchtaithe inmheánach féin.)

Má cháiligh tú i bPoblacht na hÉireann agus má tá sé beartaithe agat oibriú in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, i Sasana nó i dtír eile

Is creatlach ionduchtúcháin ghairmiúil chomhtháite é Droichead do mhúinteoirí nuacháilithe (MNCnna) in Éirinn. Toisc go bhfuil Droichead bunaithe ar mhúinteoireacht i gcuraclam Stát na Éireann, laistigh de scoileanna aitheanta, ní féidir Droichead a chríochnú lasmuigh d’Éirinn. 

Má tá tú cáilithe mar mhúinteoir i bPoblacht na hÉireann agus ag smaoineamh ar mhúinteoireacht in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha nó i Sasana sula gcríochnaíonn tú Droichead, tabhair do d’aire gur seans nach féidir clár ionduchtúcháin comhionann a dhéanamh sna tíortha sin. Léigh na hailt ábhartha thíos. 

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Níl clár ionduchtúcháin aitheanta stáit ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, mar sin ní féidir próiseas cosúil le Droichead a chur i gcrích agus tú ag obair ann. 

Cuireann scoileanna áirithe a bpróiseas ionduchtúcháin féin i gcrích. Ní leor seo, áfach, ós rud é go gcaithfidh tú próiseas ionduchtúcháin a chríochnú atá aitheanta agus bailíochtaithe ag leibhéal an stáit. 

Ciallaíonn sé seo má fhilleann tú ar Phoblacht na hÉireann le dul i mbun oibre, beidh ort Droichead a chríochnú. 

Sasana

I Meán Fómhair 2021, rinne an Roinn Oideachais (RO) i Sasana múnla ionduchtúcháin reachtúil nua a thabhairt isteach darb ainm Creatlach Luath-Ghairme (ECF). Is í an Ghníomhaireacht um Rialáil Múinteoireachta (TRA) an ghníomhaireacht rialtais atá freagrach as deimhniú agus maoirseacht a dhéanamh ar ionduchtúchán múinteoirí i Sasana. 

Chun a bheith incháilithe rochtain a bheith agat ar an gclár ionduchtúcháin nua seo agus é a chríochnú, ní mór duit Stádas Múinteora Cháilithe (SMC) a bhaint amach. Ciallaíonn sé seo gur gá duit do chlár oiliúna múinteoireachta a chríochnú i Sasana. 

Cé nach mbeadh SMC ag céimithe Éireannacha, seans gur féidir leo iarratas a dhéanamh ar SMC agus clár ionduchtúcháin ECF a chríochnú. Le haghaidh tuilleadh eolais, seiceáil leis an Roinn Oideachais i Sasana.  

Tá fianaise dheimhnithe ón TRA a dheimhníonn críochnú an chláir ionduchtúcháin ECF i Sasana inghlactha seachas Droichead a dhéanamh. 

Muna gcríochnaíonn tú an clár ionduchtúcháin ECF i Sasana agus tagann tú ar ais go hÉirinn, ní mór duit Droichead a dhéanamh. 

Don chuid eile den domhan

Má tá sé ar intinn agat clár ionduchtúcháin a dhéanamh i dtír eile, seachas Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha nó Sasana, molann muid go ndéanann tú seiceáil go bhfuil an clár inghlactha. 

Maidir le tíortha eile: 

  • Cuir nasc leis chuig an gcáipéisíocht bheartais agus phróisis arna foilsiú ag Aireacht Oideachais nó ag Údarás Inniúil na tíre sin nó cóip den cháipéisíocht sin. 

Ba chóir go dtabharfadh na doiciméid sonraí faoin gclár ionduchtúcháin sa tír ina bhfuil sé beartaithe agat oibriú. 

Cuirfimid comhairle ort ansin.