Aistrigh:
Gaeilge
English

Chun a bheith i do mhúinteoir breisoideachais in Éirinn, tá dhá rogha agat:

An chéad rogha ná fochéim nó cáilíocht chomhionann a bhfuil luach creidiúna 180 ECTS ar a laghad léi a bhaint amach ag Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC),

Is é an rogha eile ná fochéim Leibhéil 7 nó cáilíocht chomhionann ar an CNC a bhfuil luach creidiúna 180 ar a laghad léi a bhaint amach AGUS fianaise a thabhairt maidir le:

a) cáilíocht bhreise chuí,

b) taithí iarcháilíochta trí bliana ar a laghad in ionad oibre nó i suíomh teagaisc atá ábhartha don cháilíocht/do na cáilíochtaí.

AGUS cáilíocht Oideachais Múinteora (COM) sa Bhreisoideachas atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta a bhaint amach.

An dara rogha ná cáilíocht fochéime oideachais múinteora sa Bhreisoideachas a bhaint amach, atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Is iad OCBÁC agus SETU a chuireann na céimeanna sin ar fáil faoi láthair.

An dá rogha atá ar fáil 

Rogha 1

  • Céim Leibhéil 8 le 180 ECTS ar a laghad, NÓ
  • Céim Leibhéil 7 le 180 ECTS ar a laghad, agus aon cheann acu seo a leanas
    • Cáilíocht bhreise chuí, NÓ, taithí iarcháilíochta trí bliana in ionad oibre nó i suíomh teagaisc atá ábhartha don cháilíocht/do na cáilíochtaí
  • Cáilíocht Oideachais Múinteoirí a Bhaint Amach (féach leathanach 3)
  • Clárú Iomlán leis an gComhairle Mhúinteoireachta

 Rogha 2

  • Clár fochéime creidiúnaithe oideachais múinteora a bhaint amach. Á thairiscint faoi láthair ag OCBÁC agus ag SETU (féach leathanach 3)
  • Clárú Iomlán leis an gComhairle Mhúinteoireachta

Pointí ar gá machnamh a dhéanamh orthu

  1. Déan cinnte suíomh gréasáin gach soláthraí a sheiceáil chun a bpróiseas iarratais a thuiscint.
  2. Mar is amhlaidh le gach cúrsa, ní mór duit na riachtanais iontrála ar fad atá leagtha síos ag an soláthraí a chomhlíonadh i do bhliain iontrála. Sula gcuireann tú iarratas isteach, déan cinnte an liosta iomlán de na riachtanais iontrála a sheiceáil, mar go bhféadfaidís a bheith éagsúil idir na soláthraithe.
  3. Chun críche clárúcháin, ní mór duit a chinntiú go gcomhlíonann tú na riachtanais cháilíochta go léir mar atá leagtha amach ar leathanach 2 den bhileog seo. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach www.teachingcouncil.ie

Is clár maoinithe é an Clár le haghaidh Rochtana ar an Ardoideachas (CRA) a dearadh chun tacú le agus rochtain mhéadaithe a thabhairt ar chláir oiliúna tosaigh múinteoirí a sholáthar do ghrúpaí áirithe daoine. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach www.studentfinance.ie. 

Cén áit ar féidir liom fostaíocht a lorg?

Tá sonraí faoi mhúinteoirí a earcú agus a fhostú le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Óige: www.gov.ie/TeachingTransforms 

Cúnamh airgid

Is é an príomh-chúnamh airgid atá ar fáil do mhic léinn incháilithe atá ag freastal ar chúrsaí breisoideachais agus ardoideachais lánaimseartha ná an deontas mac léinn, a bhféadfadh deontas cothabhála nó deontas táillí a bheith san áireamh leis, ag brath ar incháilitheacht.

Tá tuilleadh eolais faoi sparánachtaí agus cúnamh airgid eile agus na critéir don Scéim Táillí In Aisce ar fáil ag studentfinance.ie.

Naisc úsáideacha eile:

Cén áit ar féidir liom teacht ar thuilleadh eolais?

Cuireann an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta faisnéis úsáideach ar fáil ar a suíomh gréasáin. Féach www.gov.ie 

Bainistíonn SOLAS raon clár Breisoideachais agus Oiliúna a chuireann ar chumas foghlaimeoirí a bheith rathúil sa mhargadh saothair agus rath a bheith orthu sa tsochaí. Féach www.solas.ie 

Soláthraítear faisnéis maidir le clárú ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta. Féach www.teachingcouncil.ie 

Freastalaíonn foireann na Comhairle Múinteoireachta agus na Roinne Oideachais go rialta ar aontaí gairme i gcoláistí agus in ollscoileanna. Coinnigh súil ar leathanaigh shóisialta le haghaidh nuashonruithe ar imeachtaí: @teachingcouncil / @Education_Ire 

Is féidir leat dul i dteagmháil leis an gComhairle Mhúinteoireachta trí ríomhphost a sheoladh chuig info@teachingcouncil.ie nó glaoch a chur ar 01 651 7900.