Foilsithe
Déanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta cothabháil riachtanach ar an tairseach Mo Chlárú ón 9rn Dé Máirt, 3 Feabhra 2026. Ní bheidh an leagan Béarla ná leagan Gaeilge ar Mo Chlárú, ar fáil le linn na tréimhse cothabhála.
Ná déan iarracht rochtain a fháil ar cheachtar córas le linn an uasghrádú mar go bhféadfadh úsáideoirí a gcuid oibre a chailleadh. D’fhéadfadh drochthionchar a bheith ag rochtain ar an réiteach le linn thréimhse an uasghrádaithe ar an obair theicniúil chasta atá riachtanach chun an t-Uasghrádú Sprint a sheachadadh agus an t-am neamhghníomhach a theastaíonn a dhéanamh níos faide.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mbeidh rochtain ag an bhfoireann ar an tairseach le linn an ama sin agus gurbh fhéidir nach mbeidh siad in ann ceisteanna gutháin a láimhseáil. Táthar ag súil go bhfillfidh na tairseacha Mo Chlárú ar an tseirbhís faoi 5in.
Gabh ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.
Go raibh maith agat as ucht do thuisceana agus do chomhoibrithe.