Foilsithe
Choimisiúnaigh an Roinn Oideachais agus Óige agus an Chomhairle Mhúinteoireachta an staidéar i gcomhar agus fógraíodh é i gcomhar i mí Aibreáin 2024. Ó shin i leith, tá céimeanna an athbhreithnithe litríochta agus dearadh an taighde críochnaithe.
Tá an staidéar á sheoladh go hoifigiúil inniu, roimh chéim an bhailithe sonraí atá le tosú go luath.
Pléann an staidéar taighde seo, an chéad cheann dá leithéid ar an múinteoireacht in Éirinn, le heispéiris múinteoirí go luath ina ngairm agus iad ag críochnú a gcuid oideachais tosaigh múinteoirí agus á mbunú féin sa ghairm.
Is staidéar an-suntasach é seo a leanfaidh go dtí 2030 ar chostas foriomlán €2.8 milliún (lena n-áirítear CBL) agus cuirfidh sé bonn eolais faoi bheartas i roinnt réimsí lena n-áirítear oideachas tosaigh múinteoirí, ionduchtú sa ghairm agus forbairt ghairmiúil luath, chomh maith leis an mbeartas a mhúnlú.
Déanfaidh cuibhreannas ina bhfuil Ollscoil Luimnigh (UL), an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) agus Coláiste Mhuire Gan Smál (MIC) an taighde, faoi cheannas an Ollaimh Paul Conway ó Ollscoil Luimnigh, an Ollaimh Emer Smyth ón ESRI agus an Ollaimh Aisling Leavy ó Choláiste Mhuire Gan Smál.
Cuimseoidh sé gach céimí sa mhúinteoireacht bhunscoile, iar-bhunscoile agus bhreisoideachais ó ranganna 2019, 2022 agus 2026, chomh maith le páirtithe leasmhara tábhachtacha eile. Is féidir le cohóirt 2019 agus 2022, i.e. gach céimí oideachais tosaigh múinteoirí ó chláir bhunoideachais, iar-bhunoideachais, bhreisoideachais agus oiliúna, a bheith ag súil go ndéanfar teagmháil leo ar dtús i mí Eanáir trí ríomhphost agus téacs. Fanfaidh an suirbhé ar oscailt go dtí deireadh mhí Feabhra.
Dúirt an tAire Naughton: “Is píosa taighde ríthábhachtach é an staidéar seo a chuirfidh sonraí luachmhara ar fáil don Roinn agus don Chomhairle Mhúinteoireachta go díreach ó mhúinteoirí agus ó pháirtithe leasmhara eile san oideachas. Cabhróidh sé linn na dúshláin uathúla a bhíonn roimh mhúinteoirí i gcéimeanna tosaigh a ngairme a thuiscint agus beartas maidir le hoideachas múinteoirí a mhúnlú don todhchaí.
Mholfainn d’oiread múinteoirí agus páirtithe leasmhara ábhartha san oideachas agus is féidir páirt a ghlacadh sa staidéar seo chun cabhrú linn a chinntiú go mbeidh an tús is fearr is féidir ag gach múinteoir ina ngairmeacha beatha.”
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, Eamon Dennehy: “Tá an mhúinteoireacht i gcroílár ár sochaí, ag múnlú todhchaí daoine agus ag spreagadh foghlama ar feadh an tsaoil. Léiríonn an staidéar suntasach seo neart an chomhoibrithe idir an Roinn, an Chomhairle Mhúinteoireachta, agus an pobal oideachais i gcoitinne. Mar Chomhairle, táimid tiomanta go mór don mhúinteoireacht a chur chun cinn mar ghairm luachmhar agus iontaofa, agus cabhróidh an taighde seo linn tuiscint níos fearr a fháil ar mhúinteoirí agus tacú leo le linn a ngairmeacha. Táim ag tnúth leis na léargais ón staidéar seo a fheiceáil ag cur bonn eolais faoi bheartas agus faoin gcleachtas ar mhaithe le leas múinteoirí, foghlaimeoirí, agus na sochaí i gcoitinne”.
Dúirt Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta, Phil Fox: “Mar rialtóir ghairm na múinteoireachta, tá ról ríthábhachtach ag an gComhairle Mhúinteoireachta i gcur chun cinn agus i rialú na gcaighdeán gairmiúil sa mhúinteoireacht. Tá ár gcuid oibre bunaithe ar fhianaise, agus cuirfidh an staidéar ar Thurais Ghairmiúla Múinteoirí léargas luachmhar ar fáil ar thaithí saoil múinteoirí le linn a gcéad deich mbliana sa ghairm. Cabhróidh na torthaí seo linn beartais a mhúnlú a chuireann bonn eolais faoi oideachas tosaigh múinteoirí, ionduchtú, agus foghlaim ghairmiúil leanúnach. Agus é sin á dhéanamh againn, leanfaimid orainn ag cur na múinteoireachta chun cinn mar ghairm iontaofa a bhfuil meas uirthi.”
Dúirt ceannairí taighde an staidéir, na hOllúna Paul Conway, Emer Smyth agus Aisling Leavy: “Cuirfidh an staidéar fadaimseartha Turais Ghairmiúla Múinteoirí (TPJ) deis luachmhar ar fáil chun foghlaim agus forbairt múinteoirí le linn a gcéad deich mbliana sa ghairm a thuiscint. Chun an fhéidearthacht a bhaineann leis an staidéar a bhaint amach, beidh ionchur múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile lárnach chun ár dtuiscint ar a dtaithí ar mhúinteoireacht agus ar oideachas múinteoirí a fheabhsú. Sa staidéar, tugtar cuireadh agus spreagadh do gach céimí oideachais tosaigh sa mhúinteoireachta bhunscoile, iar-bhunscoile agus bhreisoideachais agus oiliúna ó chohóirt 2019, 2022 agus 2026 lena chinntiú go léirítear a dtuairimí agus a dtaithí go cuimsitheach i dtorthaí an staidéir. Níos tábhachtaí fós, is deis uathúil é TPJ do mhúinteoirí rannpháirteacha beartais maidir leis an múinteoireacht agus oideachas múinteoirí a mhúnlú mar chéim ríthábhachtach a bhuntacaíonn le hoideachas ar ardchaighdeán”.