Aistrigh:
Gaeilge
English

Tugann an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (GESM) oibleagáidí reachtúla nua isteach d’údaráis phoiblí agus d’eintitis phoiblí i ndáil le fógraíocht stáit. Ón 8 Lúnasa 2025, beidh sé de dhualgas ar údaráis phoiblí agus ar eintitis phoiblí:

  • Critéir agus nósanna imeachta iomchuí a bheith i bhfeidhm acu chun fógraíocht stáit a dheonú.
  • Faisnéis a bhailiú agus a fhoilsiú faoina gcaiteachas ar fhógraíocht stáit.

Critéir agus nósanna imeachta maidir le fógraíocht stáit a dheonú

I measc na gcritéar ábhartha maidir le fógraíocht stáit a dheonú tá, i measc nithe eile, luach ar airgead, scaipeadh geografach, an cumas chun an spriocghrúpa a bhaint amach agus an gá atá le riachtanais reachtúla eile a chomhlíonadh, amhail riachtanais fógraíochta na Gaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Agus conradh á thairiscint aici, téann an Chomhairle Mhúinteoireachta i gcomhairle leis na treoirlínte soláthair phoiblí arna mbunú ag an Oifig um Sholáthar Rialtais agus cloíonn sí leo.

Caiteachas bliantúil iomlán