10 Nollaig 2025

A chara,

Tá maoiniú iomlán de €126,000 bronnta ag an gComhairle Múinteoireachta ar 27 scoil ar fud na hÉireann faoin Scéim Sparánachtaí Féilte 2025. Comhoibreoidh na scoileanna faighteora le 96 scoil eile, rud a thabharfaidh líon iomlán na scoileanna a fhaigheann tacaíocht faoin scéim go 123.  

Tá Scéim Sparánachtaí Féilte deartha chun tacú le comhoibriú idir scoileanna, foghlaim ghairmiúil múinteoirí a fheabhsú, agus an mhúinteoireacht mar ghairm a chur chun cinn. 

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an bhfoghlaim ghairmiúil inmholta a rinne scoileanna a fuair maoiniú faoin gcéad bhabhta den tionscnamh seo sa bhliain scoile 2024/2025, tá ríomhfhoilsiú ullmhaithe againn agus a bhfuil lúcháir orm a roinnt sa ríomhphost seo.  

Leagann an foilseachán seo béim ar mhachnamh ó na múinteoirí a bhí páirteach ann agus áirítear leis réimse sócmhainní digiteacha a léiríonn a bhfoghlaim ghairmiúil. I measc na sócmhainní digiteacha tá padlets, póstaeir agus físeáin, thar ocht réimse foghlama, a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar spéise duit.

Le dea-mhéin,

Bríd Murphy

Ceann Polasaí agus Cumarsáide

© 2025 An Chomhairle Mhúinteoireachta

Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad | Maigh Nuad | Co. Chill Dara | W23 Y7X0

Beartas Príobháideachais   Privacy Policy

Cliceáil anseo le díchlárú a dhéanamh / Click here to unsubscribe